Tugann an rannóg seo aitheantas do cláir raidió a cuireann an Ghaeilge chun cinn.
Is féidir clár nó mír a gcuireann an teanga chun cinn don lucht éisteachta ar bhealach éifeacthach an duais seo a bhucaint.
Is catagóir cláir é seo.
Ní fhéadfaidh clár ach catagóir cláir amháin a iontráil agus uair amháin sa chatagóir sin. Ní fhéadfaidh stáisiúin níos mó ná 5 iontráil a chur isteach in aghaidh an chatagóir.
Cé á fhéadfaidh iontráil?
Ba cheart gur craoladh an clár a cuirtear isteach mar iontráladh laistigh den tréimhse seo a leanas: 1ú Meitheamh 2023 go 31ú Bealtaine 2024.
Ba chóir go mbeadh an iontráil comhdhéanta de chraoladh amháin nach bhfuil curtha in eagar. Níor chóir go mbeadh an iontráil níos mó ná 20 nóiméad.
Má tá iontráil déanta suas de chraoltaí gan eagarthóireacht, is gá iad a scaradh óna chéile le spás dhá shoicind óna chéile, ionas go dtuigfidh moltóirí cá gcríochnaíonn gach cuid agus cá dtosaíonn an chéad cheann eile. Iarrfar ort an t-ord reatha de na míreanna a cuir ar an bhfoirm iontrála.
Ní glacfar le “Best Of”, bailiúchán d’ábhar a craoladh roimhe seo, incháilithe. Is féidir rianta ceoil, sosanna fógraíochta agus giotaí faisnéise a ghearradh isteach agus amach. Ba cheart ábhar eile an chláir a fhágáil ina iomláine. Ba chóir pointí eagarthóireachta ceadaithe a mharcáil le 3 shoicind imeachta agus céim isteach, gan aon mharcanna eile a chur leis.
Tá cosc ar ábhar fuaime iar-léirithe eile, ar nós nascanna cainte, réamhrá cainte nó críoch-phíosaí cainte, i.e. ná húsáid nascanna fuaime, stoingí, cúlraí ceoil nó heilimintí eile iar-léirithe. Tá sé tugtha le fios go sonrach do na moltóirí gur chóir iarratais a dhícháiliú má dhéantar a leithid.
Caithfear paragraf tacaíochta 250 focal a chur leis an iontráil. Tá an fhoirm iontrála ar líne socruithe sa mbealach agus nach féidir ach 250 focal ar a mhéid a chur isteach. Is féidir sonraí sa bhreis a fháil ar an leathanach “How to Enter”.
Riachtanais iontrála agus Coinníollacha Iontrála
Caithfidh an clár as a mbaintear d’iontráil a bheith craolta den chéad uair laistigh den tréimhse bailíochta: 1ú Meitheamh 2023 go 31ú Bealtaine 2024.
Is féidir iontrálacha a dhéanamh le stáisiúin raidió trastíre agus seirbhíse poiblí analógacha agus digiteacha ceadúnaithe atá ag feidhmiú ar oileán na hÉireann.
Caithfidh gur tháinig na hiontrálacha ó oileán na hÉireann agus gur craoladh iad den chéad uair.
Tá táirgeoirí raidió neamhspleácha i dteideal dul isteach ach caithfidh siad cruthúnas tarchuir ag an stáisiún cáilitheach ábhartha a chur i láthair. De bhreis ar an uasmhéid de 5 iontráil a cheadaítear do gach stáisiún a chur isteach i ngach catagóir, féadfaidh táirgeoirí neamhspleácha iontráil amháin a chur isteach in aghaidh an chatagóir ar an táille iontrála €100 euro a íoc. Ní mór cruthúnas craolta ó stáisiún cáilitheach a chur isteach le gach iontráil neamhspleách.
Tabhair faoi deara gur gcaithfidh an Bainisteoir Stáisiúin gach iontráil a shíniú.
Cosnaíonn gach iontráil €100 móide táillí próiseála. Tá gach ceathrú iontráil saor in aisce.
Conas Iontráil
Nuair atá na critéir iarratais agus coinníollacha iontrála don chatagóir seo léite agat, agus d’iarratas fuaime críochnaithe agat, téigh go dtí Enter Online agus cláraigh (mura bhfuil sin déanta cheana féin agat). Líon an fhoirm iontrála don chatagóir agus uaslódáil d’iontráil fuaime. Cliceáil ar Save to Later. Tugann seo cead duit eagarthóireacht a dhéanamh ar d’iarratas, dréacht-chóipeanna den t-iarratas a chló, an t-iarratas a scrios nó a leasú suas go dtí an dáta dheireadh iontrála (5 a chlog ar an 28ú Meitheamh 2024).
Critéir Measúnaithe
Sé seo an critéir ar a dheantar moladh ar an rannóg seo, in ord íslitheath de tabhacht:
Cur i láthair: Cén chaoi a bhfuil an clár curtha i láthair? An bhfuil an scriptáil déanta go maith? An bhfuil sé snasta agus gairmiúil?
Léiriúchán: Baineann seo leis an taobh teicniúil den iontráil, an próiseas léiriúcháin féin. An bhfuil an píosa atá roghnaithe léirithe go maith? An bhfuil caighdeán le n-aithint?
Cruthaíocht: Beidh moltóirí ar thóir nuálaíocht, bunúlacht agus úire.
Luach: An bealach ina gcuireann an clár siamsaíocht, eolas agus spreagadh ar fáil don lucht éisteachta.